Cosaint agus Feasacht ar an Timpeallachta
Tá ról tábhachtach ag Comhairle Contae Chill Chainnigh i bpáirtíocht le gach saoránach sa Chontae maidir le cosaint na timpeallachta nádúrtha. Is é príomhaidhm Rannóg an Phlean Chorparáidigh maidir leis an gComhshaol, an timpeallacht a chur chun cinn agus a chothabháil ar mhaithe le daoine agus leis na glúine atá ag teacht. De bharr an mhéadaithe shíoraí sa bhrú a thagann ó fhorbartha eacnamúla, ón bhfás sa daonra agus ón athrú sa chaighdeán maireachtála, rudaí a bhfuil tionchar acu ar an timpeallacht, beidh ról lárnach ag an Údarás Áitiúl maidir le comhairle, le hoideachas agus le forfheidhmiú le cinntiú go dtugtar cosaint mar is cuí don timpeallacht.
Tá freagracht ag Comhairle Contae Chill Chainnigh agus ag na húdaráis áitiúla uile maidir le níos mó ná 500 feidhm chosanta timpeallachta a réimnítear faoi na ceannteidil aer, fuaim, pleanáil, dramhaíl, fuíoll uisce agus caighdeán uisce. Tá na feidhmeanna sin liostáilte i 100 aonad reachtaíochta. Téann Foireann na Rannóga Comhshaoil ar a bhfuil 44 dhuine (lena n-áirítear foireann istigh agus foireann amuigh) go dúthrachtach i mbun obair chrua le cinntiú go ndéantar gníomh de réir feidhme agus go bhfeidhmítear de réir freagrachta.
Is cuid suntasach de sheachadadh seirbhíse Chomhairle Contae Chill Chainnigh an réimse bainistíocht dramhaíola agus bíonn tionchar aige ar gach duine sa Chontae. Ghlac Comhairle Contae Chill Chainnigh in éindí le Comhairle Contae Cheatharlach, Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas, Comhairle Contae Phort Láirge, Comhairle Cathrach Phort Láirge agus Comhairle Contae Loch Garman leis an gComhphlean Bainistíochta Dramhaíola do Réigiún an Iar-Dheiscirt i 2002.
Cuireadh tús la hathbhreithniú ar an bplean sin i 2004. Tá an plean atá ann faoi láthair ar taispeáint ag an Rannóg Chomhshaoil, Comhairle Contae Chill Chainnigh agus is féidir é a íosluchtáil saor in aisce ó www.wastenot.ie
- Bainistiú Dramhaíola
- Ag Cur Oideachas agus Feasacht Chun Cinn
- Caighdeán Uisce
- Seirbhís Tréidlia
- Tionscadal Athchóiriú Gairdíní Woodstock
Bainistiú Dramhaíola
Ionad dramhaíola líonta talún an Dúin Mhóir
Tá ionad dramhaíola líonta talún ag an Rannóg Chomhshaoil timpeall 5cm ó thuaidh de Chathair an Dúin Mhóir (Ceadúnas uimhir 30-2). Is é atá san ionad 12 chillín dramhaíola líneáilte le soláthar do 2 chillín breise. Déanfar obair tógála ar an 2 chillín sin i 2005. Rinneadh oibreacha feabhsaithe agus uasghrádaithe tábhachtacha ar an áis i 2004 agus dá bharr sin tá sé cinntithe go mbeidh an áis ag feidhmiú de réir an chaighdeáin is airde.
Rinneadh obair mór maidir le clúdú agus athchóiriú ar chillíní 1-7 agus tá i gceist go dtabharfar chun críche an bhliain seo an obair ar chillíní 8-10 atá leathchlúdaithe. Táthar tar éis córas nua athchúrsaíocht láiste agus murlach a shuiteáil ag an suíomh a dhéanfaidh cinnte go mbeidh cumas thar mar is gá ann chun láist a ghinfear sa suíomh a chóiriú agus a stóráil. Tá gléas lasta gás líonadh talún agus an bonneagar a ghabhann leis suiteáilte chun obair bhailiúcháin agus lasta gás líonadh talún ón áis a éascú. Stiúrann an córas sin scaoileadh gáis agus a imeacht ón suíomh, rud a chuireann ísliú de níos mó ná 90% ar chion an líonadh talún maidir lena acmhainn ídithe ózóin.
Ionad Athchúrsála an Dúin Mhóir
Tá an chéad ionad athchúrsála dá cuid oscailte ag Comhairle Contae Chill Chainnigh ag ionad líonadh talún an Dúin Mhóir. Glacann an áis seo le gach cineál dramhaíl baile deighilte le haghaidh athchúrsála. Ní ghlactar le dramhaíl in-athchúrsála tráchtála ag an áis seo. Ó uair a oscailte tá méadú tagtha ar an éileamh agus ar chion an phobail i leith an tseirbhís seo .i. i rith na bliana 2004. Meastar go bhfuil soláthar na háise nua-aimseartha seo maraon leis an fáil forleathan atá ar bhailiúchán bruscair cois bhóthair tar éis ráta athchúrsála an Chontae a ardú go 18% i 2004.
Athchúrsáil
Bliain an-bhisiúil ba ea an bhliain 2004 do chlár athchúrsála Chomhairle Contae Chill Chainnigh Ag deireadh na bliana 2004, bhí 44 suíomh "tabhair leat" suiteáilte chun glacadh le gloine agus le cannaí. Glac 13 shuíomh le cannaí bia agus ghlac suíomh amháin le buidéil phlaistigh, le páipéir nuachtáin agus le cairtchlár.
Folmhaítear na bainc "tabhair leat" ar bhonn rialta ach siocair go bhfuil an oiread ceana ag an bpobal orthu agus atá tig leo fadhbanna a chruthú maidir le bainistíocht dramhaíola agus bruscair. Tá ceamaraí CCTV suiteáilte ag cuid de an suímh seo anois ar bhonn trialach chun cosc a chur le mí-iompar dá leithéid. Chomh maith leis sin déanann an Fhoireann Fhorfheidhmiú Timpeallachta faire le súil is go gcuirfear srian ar ghníomhaíocht mhídhleathach.
Lastas Dramhaíola thar Theorainn amach
Faoi cheanglais Council Regulation (EEC) Uimhir 259/93 agus National Regulations SI Uimhir 149 1998, Waste Management (Transfrontier Shipment of Waste) Regulations, 1998, is í Comhairle Contae Chill Chainnigh an t-Údarás Inniúil maidir le Seoladh onnmhairithe dramhaíola ón gContae. Rinneadh 34 lastas dramhaíola i 2004 faoi 12 fógra TFS faoi leith. Bhí banna airgeadais curtha chuig Comhairle Contae Chill Chainnigh le haghaidh gach ceann de na lastais chun na costais a chlúdú sa gcás go ndiúltófaí don lastas. Níor scaoileadh leis na bannaí sin go dtí go raibh sé deimhnithe do Chomhairle Contae Chill Chainnigh go raibh an dramhaíl athghafa/diúscartha ar modh cóiriúil maidir leis an timpeallacht.
Ceadúnais Bhailiúchán Dramhaíola
Is í Comhairle Contae Chill Chainnigh an t-údarás ainmnithe do Réigiún an Oir-Dheasceart i ndáil le gach eisiúint cheadúnais maidir le bailiúchán bruscair de réir an Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 - 2003 agus na Rialacháin Bhainistíochta Dramhaíola (Ceadúnas Bailiúcháin) 2001 leasaithe. Cuimsíonn an Réigiún seo Comhairle Contae Cheatharlach, Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas, Comhairle Contae Phort Láirge, Comhairle Cathrach Phort Láirge agus Comhairle Contae Loch Garman.
Is é príomhchuspóir an chóras ceadúnais freastal do stiúradh cuí ar ghníomhaíochtaí bailiúcháin dramhaíl tráchtála chun críche cosaint timpeallachta agus freastal do chur i bhfeidhm agus do chur i ngníomh cuspóirí ábhartha sa phlean bainistíochta dramhaíola.
Bhí 276 iarratais faighte ag Comhairle Contae Chill Chainnigh ag deireadh mhí na Nollag 2004 agus tá glactha le 244 iarratas 66 acu siúd i rith na bliana 2004.
Achtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996-2003
Eisíodh seachtó Fógra faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 - 2003 i 2004. Bhain siadsan le réimse gníomhaíochtaí nach raibh ceadaithe mar atá bailiúchán dramhaíola gan ceadúnas, loisceadh dramhaíola, dumpáil dramhaíola ag suímh neamhúdaraithe agus neamhghéilliúntas maidir le ceadúnais i leith dramhaíola nó le ceadúnais bhailiúchán dramhaíola. Seirbheáladh Fógra ar 17 gcuideachta tógála maidir le loisceadh ar shuíomh agus le heaspa bainistíocht dramhaíola ar shuíomh. Mar thoradh air sin chuir na cuideachtaí sin deireadh leis an loisceadh nó chuir feabhas ar a gcuid cleachtas maidir le bainistíocht dramhaíola. Triúr de na húinéirí talún ar seirbheáladh fógra orthu faoi Alt 55 chuireadar iarratas isteach ina dhiaidh sin ar Cheadúnas i leith Dramhaíola maidir leis na suímh a bhí i gceist le go mbeadh rialtacht ar chúrsaí.
I gcás daichead a sé shuíomh géilleadh leis na fógraí agus cuireadh ar fáil an eolas a theastaigh agus/nó glanadh an suíomh. Táthar fós ag fanacht ar eolas breise ó na húinéirí talún maidir leis na cásanna eile, sin nó iad a thabhairt ós comhair na cúirte.
Rialacháin Bhainistíochta Dramhaíola (Ceadúnas), 1998
Iarratas is fiche ar cheadúnas bailiúchán dramhaíola a rinneadh faoi Rialacháin Bhainistíochta Dramhaíola (Ceadúnas Bailiúcháin), 1998 le haghaidh áiseanna i gContae Chill Chainnigh i 2004. Ceadaíodh aon cheann déag díobh agus diúltaíodh do cheithre cinn acu; tá dhá chás fós le réiteach agus dhá cheann eile tarraingthe siar.
Bhain naoi gcinn de na ceadúnais le hathghabháil dramhaíola ó láithreáin Tógála agus Leagadh foirgnimh, lena n-áirítear barr-ithir, fo-ithir agus spallaí chun cairéal nó talamh eile gan mórán maithe a chuir in oiriúint do thalmhaíochta. Eisíodh ceadúnas eile do chuideachta athchúrsála gluaisteáin agus ceann eile le haghaidh aonad a d'aistrigh dramhaíl go fuinneamh.
Faoi láthair tá 52 shuíomh ceadaithe sa Chontae. Is í Foireann Fhorfheidhmiú Comhshaol Chomhairle Contae Chill Chainnigh a rinne faireachán ar oibriúchán na háiseanna ceadaithe sin. Rinneadh 120 imscrúdú i rith na bliana.
Rialacháin Bhainistíochta Dramhaíola (Pacáistiú) 2003
Tugadh cuairt ar daichead a cúig áitreabh i 2004 chun lena ngéilliúntas i leith Rialacháin Bhainistíochta Dramhaíola (Pacáistiú) 2003 a sheiceáil. Seirbheáladh fógraí faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 2004 - 2003 ar gnóthaí nach raibh ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhí orthu maidir leis na rialacháin.Tá trí táirgeoirí móra i gCill Chainnigh cláraithe anois le Comhairle Contae Chill Chainnigh mar "ghéilliúl ar a son féin"; faoi Rialacháin Bhainistíochta Dramhaíola (Pacáistiú) 2003. Roghnaigh táirgeoirí móra eile dul i gcomhar le REPAK.
Baintear úsáid as na táillí a íocann táirgeoirí ábhar pacáistithe as an mballraíocht chun tionscnaimh athchúrsála a mhaoiniú trí fhordheontais a íocfar ar dhramhaíl phacáistithe do lucht a bailithe.
Rialacháin Bhainistíochta Dramhaíola (Tobhach Mála Phlaistigh), 2001
Rinneadh imscrúdú ar 215 áitreabh gnó ar fud an chontae chun géilliúntas maidir le rialacháin a sheiceáil. Mar thoradh air sin eisíodh 32 Litir Rabhaidh mar gheall ar neamhghéilliúntas.
Forfheidmhiú
Close to 2000 inspections or visits were carried out to investigate illegal dumping, illegal burning, compliance with the Plastic Bag Levy Regulations, the Packaging Regulations and the Farm Plastic Regulations. Visits also included inspections of garages in relation to garage waste (e.g. oil, filter, batteries etc). Inspections were also carried out in Hotels and Restaurants for food waste.
Feithiclí Tréigthe
Is cion é faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 - 2003 feithicil a thréigean in áit ar bith ar thalamh ar bith. Eisíodh 55 litir i 2004 maidir le feithiclí tréigthe. Costais ar bith a thabhaíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh agus í ag tabhairt feithiclí tréigthe chun bealaigh is é an ciontóir a íocfaidh as i ngach cás.
Achtanna um Bainistiú Dramhaíola 1997 - 2003
Is cion é faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1997 - 2003 bruscar a chur in áit phoiblí nó in áit ar bith a bhfuil amharc uirthi ó áit phoiblí. Tá beirt fostaithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh mar Oifigí Forfheidhmiú Comhshaoil agus gearradh fíneálacha ar an spota 159 uaire i 2004. Tá sonraí faoi fhíneálacha maidir le bruscar logáilte ar an gcóras fíneáil bhruscair, córas inar féidir gach cumarsáid atá eisithe agus an toradh/gníomh a lean as a aimsiú.
Cuireadh uimhir teileafóin saor in aisce i bhfearas i mí Márta le nasc a théann díreach go dtí an Oifig Chomhshaoil chun glacadh le glaonna maidir le bruscar. Bhí rath ar an tseirbhís toisc go gcuireann sé ar chumas an phobail an líne sin a úsáid am ar bith chun glaoch a chur ar an bhFoireann Fhorfheidhmithe le hiad a chur ar an eolas má tá na bainc bhuidéal lán nó má tá dumpáil mhídhleathach ar siúl. Tá an uimhir 1-800-200-156 .i. an uimhir le haghaidh glaonna saor in aisce, fógartha go forleathan ag suímh bhanc athchúrsála agus bíonn sé i bhfeidhm 24 uair sa ló.
Ag Cur Oideachas agus Feasacht Chun Cinn
Plean Bainistíocht Bhruscair
Chuir Comhairle Contae Chill Chainnigh a Phlean Bainistíochta Bruscair 2003-2006 i dtoll a chéile agus lainseáladh é i mí Feabhra 2004. Tá an plean bunaithe ar pholasaí feasacht ar fhadhb an bhruscair a spreagadh agus a chur chun cinn i measc an phobail, fadhb an bhruscair a fheabhsú ar fud an chontae ar bhonn leanúnach agus na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Ag caint ar ócáid na lainseála dúirt an Bhainisteoir Contae Michael Malone "Is airgead é seo ar mhaith linn a chaitheamh in áit éigin eile. Tá go leor tograí a bheadh i bhfad ní b'fhiúntaí do shaoránaigh Chill Chainnigh arb fhearr linn a n-airgeadú. De bhreis ar na hacmhainní a caitheadh ar obair ghlantacháin maidir leis na sráideanna, cuireadh níos mó ná €185,000 ar leataobh do thograí a bhain le hoideachas agus le feasacht ar an timpeallacht a bhfuil téama frithbhruscair ag roinnt mhaith acu."
Fógraíodh freisin an Líne Aicearra le haghaidh glaonna Saor in Aisce 1-800-200-156. Tá glaonna chuig an uimhir sin saor in aisce, rud is áis don phobal chun teagmhais a bhaineann le bruscar agus le dumpáil mhídhleathach a thuairisciú. Is féidir tuairisc a chur chuig litter@kilkennycoco.ie freisin.
Kerbside
I mí an Mhárta 2004 chuir Bardas Buirge Chill Chainnigh tús le bailiúchán bruscair chois bhóthair. Tá an bailiúchán seo de 2 bhosca bruscair le hábhar in-athchúrsála tirim ag réiteach leis an gceangal i leith bailiúchán cois bhóthair i bPlean Bainistíochta Dramhaíola an Oir-Dheiscirt; chomh maith leis sin tá sé ag ardú feasacht an phobail ar na buntáistí atá le hathchúrsáil.
Málaí Bruscair KBC |
Málaí Athchúrsála KBC |
Feasacht Phobail
Tugadh cuairt ar 59 scoil idir bhunscoil agus mheánscoil i 2004 maidir le saincheisteanna a bhain le feasacht ar an timpeallacht. Seoladh amach Foirm chun Oideachas Comhshaoil a chur in Áirithe chuig gach scoil sa Chontae. Taispeánann an fhoirm sin an clár oideachais atá ar fáil trí Rannóg Oideachais Chomhairle Contae Chill Chainnigh. Ba mhór an fáilte a chuireadh roimh an tionscnamh sin agus ba é an turas go dtí ionad líonadh talún an Dúin Mhóir agus an Lárionad Athchúrsála ba mhó a bhí tarraingt air.
Tugadh cuairt freisin ar 27 ngrúpa idir ghrúpaí pobail, ghrúpaí feirmeoirí agus ghrúpaí den aos óg etc., leis an bhfeasacht ar bhainistíocht dramhaíola, cúrsaí athchúrsála, múirín agus tionscnaimh frithbhruscair a ardú.
Múirín Baile
Díoladh 625 bhosca mhúirín i 2004, b'shin díolachán iomlán de 4425, rud a chiallaíonn gurb é amuigh is istigh de 17% an ráta sa chontae maidir le múirín. Tá an ráta sin i bhfad níos airde ná an sprioc náisiúnta de 7%.
Laghdú dramhaíola istigh
Lean an clár maidir le laghdú dramhaíola istigh i 2004 le tacaíocht ó Choiste Páirtíochta na Comhairle. Cuireadh aonaid athchúrsála páipéir ar fáil ar fud an fhoirgnimh mar chuid den tionscnaimh sin. Ardóigh sin an fheasacht ar thionscnaimh laghdaithe agus athchúrsála dramhaíola laistigh d'fhoirgnimh na comhairle.
Scoileanna Glasa
Tá 47 scoil i gCill Chainnigh cláraithe anois le bheith rannpháirteach i gclár na Scoileanna Glasa i gcomhar leis an Taisce agus leis an údarás áitiúil. Is é an Brat Glas an gradam is mó cáil ar féidir le scoil a bhaint amach agus bronntar é ar scoileanna a dhéanann beart le fáil réidh le bruscar agus le dramhaíl a laghdú. Nuair atá an gradam bainte amach bogann na scoileanna ar aghaidh chun dul i ngleic le saincheisteanna eile cosúil le fuinneamh agus iompar.
Faoi láthair tá an Brat Glas bainte amach ag 9 Scoil. Is fás de 28% é sin i gcomórtas leis na figiúirí i 2003. I mí na Samhna 2004 tionóladh dhá Sheiminéar Scoile Glaise. Bhí an chéad cheann ceaptha bheith ina shaotharlann do scoileanna a raibh an Brat Glas bainte amach acu cheana féin. Thug an dara ceann buneolas do scoileanna faoin gcoincheap Scoileanna Glasa.
Scoileanna Bhrat Glas Chill Chainnigh 2006
Ionadaithe ó Bhunscoil Clochar na Toirbhirte, Caisleán an Chomair ag Searmanas bronnadh Gradaim Scoileanna Glasa An Taisce
Scoileanna | Seoladh |
Bunscoileanna | |
Tionscadal Scoile Chill Chainnigh | Bóthar Phort Láirge |
Bunscoil Naomh Colmán | Conachadh |
Bunscoil Muire Lourdes | Sliabh Rua |
Bunscoil Naomh Bríd | Ceanannas |
Bunscoil Naomh Canice | Bóthar Granges |
Bronnta sa bhliain 2004 | |
Bunscoil Naomh Eoin | Sráid Nua |
Clochar na Toirbhirte | Caisleán an Chomair |
Scoileanna | Seoladh |
Meánscoileanna | |
Colaiste Mhuire | Baile Sheáin |
Ionadaithe ó Bhunscoil Naomh Eoin le Dia ag Searmanas bronnadh Gradaim Scoileanna Glasa An Taisce
Glantachán Náisiúnta an Earraigh Aibreán 2004
I mí Aibreáin 2004 thug Comhairle Contae Chill Chainnigh faoi obair mhór glantacháin ar fud an chontae in éindí le pobail áitiúla mar chuid de Ghlantachán Náisiúnta an Earraigh. I gcaitheamh na bliana rinneadh infheistíocht mhór ó thaobh ama agus airgid ag eagrú glantacháin rialta a rinne cumainn chónaitheoirí, grúpaí a bhain le comórtas na mbailte slachtmhara, grúpaí den aos óg, etc., i mbailte, i sráidbhailte agus i limistéir faoin tuath agus bhí toradh rímhaith ar an obair sin. Thaispeáin sé gur mór an rath a bhí ar an bpolasaí lipéid/málaí agus fearas glantacháin eile a dháil amach ar an bpobal a ghlac leo go fonnmhar seachas gabhdáin bhruscair a chur ar fáil.
Laghdú Dramhaíola
Bhí seastán eolais lasmuigh de Halla na Cathrach, an tSráid Ard i rith na bliana agus ag Taispeántais Tithe agus Gairdíní éagsúla. Chuir taispeántas eolais poiblí den chineál sin obair an Oifig Chomhshaoil go díreach ós comhair an phobail. Fuarthas 100 ceist ar an meán gach lá faoi laghdú agus faoi athchúrsáil bhruscair.
In Aibreán 2004 reáchtáil Comhairle Contae Chill Chainnigh Real Nappy Week ag cur chun cinn clúidíní in-níocháin nach mbíonn drochthionchar acu ar an timpeallacht. Tugtar níos mó ná 600,000 clúidín indiúscartha chuig ionad líonadh talún gach seachtain in Éirinn agus is sampla maith é úsáid chlúidín in-níocháin dá bhfuil i gceist le laghdú bruscar baile (agus costas).
Fair Trade
Fair Trade Fortnight - March 1st to 13th, 2004
Tá Rún glactha ag baill Chomhairle Contae Chill Chainnigh taca a thabhairt do FAIRTRADE Baineadh úsáid as coicís Fairtrade chun úsáid agus ceannach táirgí atá trádálaithe ar bhonn cothrom a chur chun cinn ar fud Chill Chainnigh. Ó coicís FAIRTRADE ar aghaidh ní raibh ach té agus caifé FAIRTRADE á sheirbheáil ar fud Halla an Chontae.
Deontas Tionscnamh Feasacht Frithbhruscair 2004
Cuireadh comh-mhaoiniú ar fáil trí Chomhairle Contae Chill Chainnigh. Is é 70% den chostas iomlán an uasmhéid a dháiltear mar dheontas in aghaidh an tionscadail; is trí shíntiús ar bhonn áitiúil a íocfar an iarmhéid. I 2004 bronnadh an Deontas Tionscnamh Feasacht Frithbhruscair ar:-
- Keep Kilkenny Beautiful
- Líonra CDCD
- Youthlynx Chill Chainnigh
- Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh
- Coiste Scoil Ghlas Bhaile Phóil
- Club an Aosa Óig Pháirc Hebron
- Cumann na mBailte Slachtmhara Bhaile Phóil
- Club Shamrocks Bhaile Héil
Clár Oibre 21 - Ciste Comhpháirtíochta Comhshaoil
Fuair an Irish Wildlife Trust maoiniú faoin tionscnamh seo leis an tionscadal "The Compost Crew" agus fuair Achadh Úr 2020 maoiniú le "Alive Festival" i 2004. Tá 50% den deontas maoinithe ag an Roinn Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an iarmhéid maoinithe ag Comhairle Contae Chill Chainnigh. Tagann an dá thionscadal buach leis na critéir leagtha síos faoi Chlár Oibre 21 agus níl baint acu le cúrsaí tráchtála. Ba é an choinníoll leis an téama do chiste na bliana 2004 go mbeadh tionscadail ag díriú ar gnéithe de bhainistiú dramhaíola chun an Feachtas Feasacht Comhshaoil Náisiúnta "Race against Waste" de chuid na Roinne a fhorlíonadh. Ag leanúint as an gCruinniú Mullaigh Domhanda faoi Fhorbairt Inmharthana 2002 bhí an bhéim sa bhliain 2004 á chur ar thionscadail a thug tacaíochta do Chlár Oibre Áitiúil 21.
Trádáil Fánach
Tá 9 limistéar trádála fánacha (26 aonad tráchtála) ainmnithe faoi fodhlithe sna bailte agus sráidbhailte seo a leanas sa Chontae: Caisleán an Chomair, Baile Mhic Andáin, Gráig na Manach, Inis Tíog, Ceanannas, Baile Hugúin, An Gleann Mór, Cill Mhanach agus Gabhrán. Tá fodhlithe leithleacha i bhfeidhm maidir le limistéar Bhardas Buirge Chill Chainnigh.
Córas Bainistíochta Údaráis Áitiúil (CBUA)
Tugadh isteach CBUA go dtí an Rannóg Chomhshaoil i 2004. Is córas bainistíochta digiteach é a chuireann leabharlann chuimsitheach d'fheidhmeanna cosaint chomhshaoil reachtúla ar fáil. Cuireann an córas sin ar chumas na Rannóige méid mór d'fheidhmeanna reachtúla a bhfuil freagracht aici astu de réir an reachtaíocht i leith na timpeallachta a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu.
Kilkenny Pride in Place Awards Ceremony 2004. Representatives from winning communities -
Inistioge Tidy Towns, Tullahought Community Development, Keep Kilkenny Beautiful.
Representatives from Kilkenny County Council & Barrow Nore Suir Rural Development
Caighdeán Uisce
De réir Threoir Chreat Uisce an AE tá bainistíocht uisce bunaithe ar leibhéal dobharcheantair. Tá Contae Chill Chainnigh uile laistigh de Dhobharcheantar an Oir-Dheiscirt. Tá obair ar bun ar an tionscadal le tamall agus cuireadh críoch leis an gcéad tuairisc maidir le hanailís agus Tréithe de réir sceidil i mí na Nollag 2004 tráth ar cuireadh ar aghaidh é go dtí an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), dream a bhfuil sé de chúram orthu anois an tuairisc sin a chur leis na tuairiscí ón gcuid eile den tír agus doiciméad amháin a dhéanamh díobh le cur chuig an AE. Caithfear an t-eolas a chur ar aghaidh chuig an mBruiséil i Mí Márta 2005.
Is í an chéad chéim eile anois clár faireacháin a chur chun cinn a líonfaidh isteach bearna atá aitheanta san eolas atá ar fáil faoi láthair agus a chuirfidh ar fáil freisin léiriú níos cuimsithí faoin stádas reatha maidir le huisce i limistéir eile. Cuireadh Scéim Bainistíochta Réigiún Dobharcheantar an Oir-Dheiscirt ar a cosa chun Córas Bainistíochta agus Faireacháin Comhtháite a bhunú le haghaidh gach foinse uisce laistigh de Réigiún Dobharcheantar an Oir-Dheiscirt. Is cuid de struchtúr bainistíochta an Dobharcheantar sin Comhairle Contae Chill Chainnigh mar aon le páirtithe leasmhara san earnáil seo in oirdheisceart na hÉireann. Cuirfear clár dinimiciúil maidir le bearta bainistíochta chun cinn agus tabharfar ar aird Straitéis Bainistíochta Dobharcheantair.
Tabharfar an Straitéis chun dáta ar bhonn leanúnach le Stádas Ard a choimeád san áit a bhfuil sé ann cheana féin agus/nó le Stádas Maith a bhaint amach do gach foinse uisce (fionnuisce dromchla, uisce inbhearach agus cósta, agus screamhuisce). Is táscaire Stádais Aird ar bheagthionchar gnímh daonna agus de ghnáth is táscaire Stádais Maith go bhfuil bith-éagsúlacht eiceolaíochta maith á chothú ag foinsí uisce. Tá Comhairle Contae Cheatharlach chun tosaigh mar le hullmhúchán an Phlean Bhainistíochta SERB agus tionólfar cruinnithe de ghrúpaí bainistíochta agus de ghrúpaí stiúrtha go rialta. Go dtí go mbeidh an Plean tugtha chun críche, tá na haibhneacha tábhachtacha uile i gContae Chill Chainnigh faoi réir ag Pleananna Uisce Ardchaighdeánach agus faoi réir ceangail na n-Achtanna um Thruailliú Uisce.
Déanann an Comhairle faireachán ar 19 gceadúnas diúscartha go dtí foinse uisce agus tríocha a sé cheadúnas diúscartha go dtí córas séarachais. Is toradh an méadú mór i gceadúnais diúscartha go dtí córas séireachais anuraidh, ar thionscnamh Chomhairle Contae Chill Chainnigh cinnte a dhéanamh de go ngéillfidh gach gnólacht tráchtála sa chaoi is go mbeidh ceadúnas diúscartha go dtí córas séarachas acu. Tá sin ar siúl ar bhonn leanúnach agus tugadh cuairt ar timpeall 100 áitreabh i 2004.
Baineann cúig cinn déag de thograí móra tionscail an chontae le Rialachán Truaillithe Comhtháite (RTC) a oibríonn faoi cheadúnas an Gníomhaireacht Chosaint Chomhshaoil. Táthar ag feitheamh ar chinneadh i gcás sé cheadúnas diúscartha faoi láthair. Bíonn Faireachán Caighdeán Uisce Abhann á dhéanamh ag Saotharlann Chomhshaol na Comhairle agus ag Saotharlann Réigiúnach GCC i Butt's Green, a roinneann an obair eatarthu. Tugadh suas chun dáta fearas saotharlann na Comhairle i 2004 agus tá sé i gcónaí faoi réir scéim chalabrú GCC. Choimisiúnaigh Comhairle Contae Chill Chainnigh tuairisc a rinne GCC ar Chaighdeán Uisce Abhann i gContae Chill Chainnigh.
s i gcomhar le Suirbhé Ordanáis na hÉireann a tugadh chun críche an Chosaint Screamhuisce don Chontae i 2002. Baintear úsáid as mar chúnamh nuair a déantar cinneadh i dtaobh suíomh, nádúr agus stiúradh forbartha agus gníomhaíochtaí leis an screamhuisce a chosaint. Is féidir leis an bpobal na mapanna seo a cheadú i Rannóg an Chomhshaoil, Halla an Chontae. Tá siad ar fáil ar líne freisin ag www.gsi.ie.
Seirbheáladh 10 Fógra faoi Alt 12 agus 22 Fhógra faoi Alt 23 de réir an Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990 sa bhliain 2004.
Rinneadh Suirbhéanna Feirme agus scrúdú ar theagmhais thruaillithe le cinntiú go bhfuil an clár forfheidhmithe atá ag Comhairle Contae Chill Chainnigh chun géilleadh le Rialacháin maidir le Fosfar agus na Rialacháin maidir le Substaintí Guaiseacha dírithe ar an aidhm atá ceaptha dó. Is é an fáth go bhfuil an clár forfheidhmithe sa dá Thuarascáil Bheart le cinntiú go dtagann feabhas leanúnach ar chaighdeán an uisce i gContae Chill Chainnigh.
Gearáin
Cuireadh bunachar sonraí nua le haghaidh gearán ar bun san Oifig Chomhshaoil i 2004. Fuarthas 650 gearán/ceist agus níos mó. Gach gearán a fhaightear bíodh sé i scríbhinn, via r-phost, teileafón, ag an gcúntar poiblí agus ar an Líne Bruscair, bíonn siad logáilte sa bhunachar sonraí seo. Cuirfear ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig an Fhoireann Forfheidhmithe nó chuig ball foirne ábhartha eile iad. Tar éis cúis ghearáin a fhiosrú agus ag brath ar nádúr an ghearáin féadann sé go dteastóidh Fógra Reachtúil, litir rabhaidh nó gníomh ábhartha eile.
Siocair an iliomad gearán a fhaightear ag Rannóg an Chomhshaoil ní cuid den ghnáthpholasaí toradh a ghearáin a chuir ar ais chuig gach gearánaí. Tá deis ann anois a thugann le fios don ghearánaí ag an gcéad phointe teagmhála leis an oifig seo má táthar ag iarraidh rudaí breise a chloisteáil go ndéanfar é sin a nótáil nuair a logáiltear an gearán agus gur féidir leo bheith ag súil le glaoch ar ais taobh istigh de dhá nó de cheithre seachtaine, ag brath ar nádúr an ghearáin. Féadfaidh an fráma ama sin a athrú i gcásanna faoi leith.
Deontais Taitneamhachta 2004
D'fhógair Comhairle Contae Chill Chainnigh Scéim Dheontas Taitneamhachta i 2004 chun cabhrú le comhlachtaí deonacha saoráidí taitneamhachta a chur ar fáil. Tugadh tús áite do thionscadail a bhí bunaithe ar an bpobal agus ar measadh gur mó ná a chéile a rachadh siad chun leas an phobail áitiúil.
Ba é €26,000.00 an buiséad le haghaidh 2004 agus fuarthas 89 n-iarratas. Áirítear ar thionscadail a bhain leas as an scéim:
- Comórtas Trastíre na mBailte Slachtmhara
- Obair Chothabhála ar Ionaid Súgartha
- Toim agus Ciseáin Bhláthanna
- Gearradh Féir
- Ceannach Lomairí Faiche
- Plandáil foinse adhmaid faoi úinéireacht an Phobail
Smachtú Madraí
I 2004 phróiseáil an Rannóg Chomhshaoil 2813 cheadúnas leithleacha agus 8 gceadúnas ginearálta.
Dídean Madra
Iarradh agus glacadh le tairiscintí a bhain le tógáil dídean nua madra ag an nGarraí Dubh, Baile Phóil i rith na bliana 2004. Tá tús curtha leis an obair tógála agus tá súil leis go mbeidh sé críochnaithe den chuid is mó go luath sa bhFómhar 2005. Sa chóiríocht sin beidh conchróanna, clósanna aiclíochta dúnta, ionad amhairc, áit ullmhaithe agus stórála bia, seomra tréidlia, reoteoir, leithreas, cóiríocht oifige agus beidh áiseanna níocháin ar an gcéad urlár. Córas eisiltigh de bhranda príobháideach a bheidh ann mar áis séarachais. Is ann freisin a bheidh áit páirceála cairr le dromchla dóthanach, fál daingean mórthimpeall an tsuímh agus soilse seachtracha.
Seirbhís Tréidlia
Beidh tréidlia lánaimseartha ag comhlíonadh an chonartha seirbhíse idir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (USBE) agus Comhairle Contae Chill Chainnigh. Áirítear ar na dualgais a bheidh aige cigireacht a dhéanamh ar sheamlais bhaile agus ar phlandaí beaga déantúsóireachta táirgí feoil, ballraíocht ar Coiste Réigiúnach Zoonosis etc. Faoi stiúrthóireacht an USBE freastalaíonn an tSeirbhís do Suirbhéanna Faire USBE agus bíonn sí rannpháirteach i bhFoirne Smachtaithe maidir le Tinneas a Scaiptear trí Bhia mar is chuí etc. Áirítear i measc dualgais eile dá chuid oibleagáid na Comhairle faoin Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 a chomhlíonadh, gabháltais táirgeadh bainne a chlárú , diúscairt fuíoll ábhair ainmhithe etc. Deimhníodh Airgeadú Breise don tseirbhís i 2004.
Woodstock
Tionscadal Athchóiriú Gairdíní Woodstock
Bhí uair ann ar measadh na Gairdíní ag Inis Tíog ar na gairdíní is oirirce in Éirinn. Is é an measúnú sin a spreag Comhairle Contae Chill Chainnigh chun tabhairt faoi scéim athchóirithe uaillmhianach i 1999. Cé go ndearnadh neamairt i gcaitheamh na blianta bhí an bunchreat fanta slán i gcónaí agus cuid mhaith de na crainn choimhthíocha bunaidh fós ina mbeatha. Tá an obair athchóirithe ar Gairdíní Woodstock ar siúl anois le ceithre bliana anuas.
Sa bhliain 2004 tugadh Gairdíní Woodstock céim eile chun cinn mar thaitneamhacht thábhachtach do Chill Chainnigh agus do réigiún an oirdheisceart a raibh tarraingt mór orthu ag cuairteoirí. Bhí tarraingt ar na gairdíní ag timpeall 30,000 cuairteoir, an chuid is mó díobh sin le linn míonna an tsamhraidh. Bhíothas gnóthach freisin áfach thar tréimhse an fhómhair agus an gheimhridh, go sonrach le linn Nollag agus na Bliana Nua. Bhí roinnt imeachtaí mar atá ceardlanna dealbhóireachta sailí, díolachán plandaí, turais faoi stiúir threoraithe, agus foireann Fear tua ar chuairt ón mBreatain Bheag a tharraing na sluaite breise i rith na bliana.
Breathnaíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh i ndiaidh obair chothabhála ar na gairdíní ó lá go ló agus is í atá i gcónaí ar thóir airgeadú chun tuilleadh athchóirithe a dhéanamh ar an suíomh tábhachtach seo. D'éirigh leis an gChomhairle airgeadú a fháil i 2004; bhronn BNS Leader Chill Chainnigh €50,000 agus bhronn Fáilte Ireland (Bord Fáilte am dá raibh) €434,792. Beidh Comhairle Contae Chill Chainnigh ag meaitseáil na deontais sin le €741,027 dá gcuid féin. Cheana féin tá teachín tuaithe ar a dtugtar Knox's Bower agus scairdeáin uisce a mhacasamhail an ceann bunaidh suiteáilte trí chúnamh na ndeontas sin. Sa bhliain 2005 beifear ag tabhairt chun cinn an Gairdín Crioslaithe le Fallaí, fallaí Teorainn an Eastáit, an Creig-Ghairdín, an Uaimh agus an Arboretum.
Tá cúrsa garraíodóireachta bunaithe i gcomhar le Coláiste Grennan, Baile Mhic Andáin agus tá sé sin anois ar siúl ar feadh ceithre bliana. Bíonn mic léinn ó Choláiste Grennan ag obair sna gairdíní dhá lá in aghaidh na seachtaine mar chuid den modúl cleachtas oibre. Tugadh suíomh idirlín Woodstock suas chun dáta le deireanas agus tá teacht air ag www.woodstock.ie.
I rith an tsamhraidh bhí Woodstock ina óstach ag dhá choirm cheoil a d'eagraigh Féile Ealaíona Chill Chainnigh .i. Ceolfhoireann Aireagail an Tuaiscirt agus ceol choirm a raibh na scríbhneoirí is fearr in Éirinn páirteach inti.
Dheonaigh Fáilte Éireann trí scéim fhorbartha tháirgeadh Turasóra an AE cúnamh do Chomhairle Contae Chill Chainnigh go dtí an bhliain 2006 ar fiú €1,039,586 é chun breis forbartha a chur ar na gairdíní.